top of page
Ceardlanna Caoladóireachta

Úsáideann Cleas slata sailí a fhástar in Inis Oírr le caoladóireacht traidisiúnta Inis Oírr a mhúineadh i seisiúin ceardlanna. Tá taithí 18 bliain ag an gcaoladóir a stiúrann na ceardlanna. Déantar na ceardlanna trí Bhéarla nó Gaeilge.

Is é an gnáth-am do cheardlanna ná ó Luan go hAoine idir 2.30i.n. agus 5.30i.n. agus is 9 ar a mhéid a bhíonn in aon cheardlann.  

Tógann na ceardlanna idir 30 nóiméad agus 2 uair an chloig ag brath ar mhéid an ghrúpa, ar a leibhéal scile agus ar a n-uaillmhian. San am sin bheadh Cros Bhríde nó móibíl le crochadh déanta ag tosaitheoirí.   
Tá stoc iomlán ár n-earraí caoladóireachta traidisiúnta agus nua-aimseartha inár siopa Cleas Crafts. Tá an siopa le taobh ár gceardlann oibre agus é oscailte ó Luan go hAoine idir 9.15r.n. agus 5.15i.n.

Le haghaidh fiosrúcháin agus áirithintí déan teagmháil linn trínár leathanach teagmhála.


Cuirtear slata sailí ar bogadh ar feadh seachtaine le go mbeidh siad solúbtha d’fhoghlaimeoirí, mar sin tá áirithint roimh ré riachtanach. 
 

D85_7257.jpeg
St Brigid's Cross, Willow
Baskets2.jpg
bottom of page