top of page
Currach

Currach

Inár gceardlann in Inis Oírr déanann agus díolann muid múnlaí beaga de bhád traidisiúnta Árann, an currach, sna saghsanna seo:                     12” (30cm), 16” (40cm) agus    22” (55cm) inár siopa Cleas Crafts. Is féidir iad a ordú freisin ach r-phost a chur ag cleasteo@gmail.com nó iad a cheannach ar líne anseo.

Crios_.jpeg

Criosanna

Déantar na criosanna ildaite, na cordaí ceangail agus na bandaí rosta atá againn ar an seol traidisiúnta inár n-ionad in Inis Oírr agus is féidir iad a cheannach uainn sa siopa Cleas Crafts. Is féidir iad a ordú freisin trí r-phost chuig cleasteo@gmail.com iad a cheannach ar líne anseo.

Local Products.JPG

Táirgí Áitiúla

Tá muid bródúil a bheith ag díol táirgí agus ceardaíocht a dhéanann oileanaigh eile. Le tacaíocht na gceardaithe áitiúla seo tá muid muid in ann maíomh nach ndíolann muid ach táirgí a dhéantar in Inis Oírr. Is féidir na táirgí seo a cheannach inár siopa nó iad a ordú nó trí r-phost cleasteo@gmail.com

D85_7899.jpeg

Glasraí Farraige & Feamainn Folctha

Bailítear na táirgí feamainne uilig sa gcladach in Inis Oírr, ina measc Carraigín, Ruánach, Duileasc & Sleabhcán. Lenár dtáirgí feamainne a ordú seol r-phost chuig cleasteo@gmail.com 

Breis Eolais
novelty items other products lth baile 5

Táirgí Eile

Nuair a bhíonn am le spáráil againn is maith linn cuimhneacháin bheaga eile bunaithe ar Inis Oírr a mhúnlú. Is féidir iad a cheannach inár siopa Cleas Crafts nó trí r-phost cleasteo@gmail.com 

D85_7747.jpeg

Táirgí Sailí

Táirgí Sailí

Déanann muid réimse maith táirgí as na slata sailí a fhásann muid in Inis Oírr, ina measc crosa beaga, potaí le bláthanna, ciseáin bheaga aráin, cliabháin, cléibh agus neart eile agus díolann muid iad inár siopa Cleas Crafts.

Páirtmhaoinithe ag/Part funded by:

Copyright/Cóipcheart © 2020. CLEAS ctr

Company Registration Number/ Cláruimhir na Cuideachta 437865.

Registered Address: CLEAS, INIS OÍRR, OILEAÍN ÁRANN, Co. na Gaillimhe                                      

lógo CC na Gaillimhe_edited.png
bottom of page