top of page

 Currach Inis Oírr

D85_7818 2.jpeg


Thart ar 9,000 bliain ó shin a déanadh an chéad churrach mar árthach farraige. Ag an am sin is amhlaidh a d’fhuailtí craicne éisc nó ainmhí anuas ar fhráma slata sailí nó a leithéid d’ábhar. In imeacht na n-aoiseanna déanadh oiriúnuithe éagsúla uirthi agus ar deireadh ba chanbhás tearáilte ar fhráma adhmaid a bhítí ag úsáid in áit craiceann ar fhráma slata sailí.



 
 
 
 
Foireann triúr ba mhinicí a bhíodh sa gcurrach ach bhíodh currachaí beirte, ceathrar agus cúigear freisin ann. Theastódh seas le suí air agus maide rámha i chaon lámh ón té a bheadh ag iomramh. Chrochadh currach seol beag scaití le cóir. D’úsáidtí na currachaí d’iascach, d’iompar paisinéirí agus chuile shórt lastais, fiú ainmhithe. Sa lá atá inniu ann is snáithínghloine is mó a úsáidtear i leaba an chóta teara uiscedhíonach

Déanann Cleas Inis Oírr currachaí beaga i 3 mhéid difríocht: 55.8cm, 40.64cm, 30.48cm. Currachaí lámhdhéanta iad a mhúnlaítear inár gceardlann. Is féidir iad a fheiceáil agus a cheannach uainn sa siopa Cleas Crafts, Aonad 1, Foirgneamh Áras Éanna, Inis Oírr a bhíonn oscailte ón 9.15r.n.-5.15i.n. Luan go hAoine.    

Is féidir iad a cheannach ar líne chomh maith anseo.

sampla_den_chéad_churrach.jpg
Model Currach
bottom of page