top of page
Glasraí Farraige
Chondrus Crispus is used worldwide Úsáidtear ( Carraigín Moss)
Carraigín (Chondrus Crispus) ar fud an domhain mar mhús, mar
mhilseog agus mar oibreán folláin glóthúcháin i miasa blasta.
Úsáidtear freisin é le fáil réidh le slaghdáin agus le siomptóim fliú.
Tá na vitimíní A, B1, B12, C agus K ann chomh maith le hIaidín,
Cailciam, Copair, Fosfar, Sóidiam agus Clóiríd Photaisiam, mar
sin tá tairbhe cothaitheach ann mar fhorlíonadh dóibh sin a
bhíonn aireach faoina sláinte agus do veigeatóirí.
Baintear an fheamainn inite seo le lámh i mbealach inbhuanaithe
agus triomaítear sa mbealach traidisiúnta í. An fheamainn a bhíonn
againne bailítear í le lámh sa gcladach. Is in Inis Oírr a bhaintear agus
a thriomaítear chuile fheamainn a dhíolann Cleas.
Tharla go bhfaigheann muide an Charraigín as farraigí glana chladach
Inis Oírr, in Oileáin Árann, agus go ndéanann lonnaí an Atlantaigh
siúráilte de nach maireann ach an Charraigín is fearr táimid
muiníneach go bhfuil an togha á thairiscint duit.
Ruánach (Himanthalia Elongata)
Tá próitéin, sail, carbaihiodráití, vitimín C, cailciam, iaidín,
iarann, maignéisiam, mangainéis agus sóidiam sa ruánach.
Is féidir an glasra nádúrtha farraige seo a úsáid ar go leor bealaí,
píosa beag de a chur le rís, é a chur i miasa pasta, casaróil agus
uibheagáin. Is féidir é a ithe amh freisin, é a bhruith,
a ghalbhruith nó a dhomhainfhriochadh. Má bhíonn tú á úsáid amh
clúdaigh é le huisce fuar agus fág sa gcuisneoir é ar feadh 8 go 24
uair an chloig. Bailítear an Ruánach (Himanthalia Elongata) a
dhíolann muid san oileán seo agus pacáiltear i málaí gur féidir
dúnadh arís é le cinntiú go bhfanann sé úr agus go bhfuil feilteach
do chustaiméirí.
Duileasc (Palmaria Palmata)
Tá dhá chineál ann. Tugtar Duileasc ar an gcinéal a fhásann mór
agus Creathnach ar an gcineál a fhanann beag. Tá an dá chineál
sách cosúil ach go bhfásann an creathnach ar dhiúilicíní beaga
ní ar chlocha agus sin é an fáth go mbíonn sé níos lú. Tá an dá
chinéal saibhir i bpróitéin, saill, carbaihiodráití, Vitimíní A, B1, B2,
B3, B6, B12, C, E, béite-charaitéin, cailciam, iaidín, iarann, maignéisiam, mangainéis, sóidiam agus sinc, agus lán le maitheas!
Is minic a úsáidtear mar chomhábhar é in arán, salsa, seabhdar,
anraith agus sailéid. Is féidir é a ithe amh freisin agus is minic é
le fáil amh mar sneaic i mbeáir. Tá Duileasc Inis Oírr le fáil i málaí
gur féidir dúnadh arís agus é ceart le n-ithe ar an toirt.
Sleabhcán (Porphyra)
Tá próitéin, saill, carbaihiodráití, Vitimíní B1, B2, B3, B6, B12, C, E,
béite-charaitéin, cailciam, iaidín, iarann, maignéisiam, mangainéis,
sóidiam agus sinc ann. Ó tharla go bhfuil an leibhéal próitéin níos
airde agus an leibhéal iaidín níos ísle sa sleabhcán i gcomparáid leis
na feamainneacha eile tá tairbhe ar leith ann mar fhoinse próitéin.
Is féidir é a ghalbhruith, é a bhruith agus é a úsáid mar ghlasra.
Úsáidtear freisin é i ndéanamh brioscaí agus aráin (arán laver go
mórmhór). Pioctar é de sna storráin in íochtar an chladaigh in
Inis Oírr agus é beag, milis agus ar ardchaighdeán.
Bíonn an Sleabhcán seo ar fad síor-nite ag maidhmeanna móra
glana an agus é pacáilte duit againne le go mbainfidh tú sásamh as.
Más mian leat aon cheann dár dtáirgí feamainne a ordú glaoigh orainn
ag 099-75979 nó seol r-phost chuig cleasteo@gmail.
bottom of page