top of page

Ceardlanna Bróidnéireachta

Tá bród orainn ceardlann nua bróidnéireachta a bheith á thairiscint againn i 20--. Sa gceardlann múinfidh muid cúpla greim bunúsach duit le tosaí amach. Beidh tú in ann an húp a chríochnú sa mbaile ansin.
 
Bíonn húp, éadach, snáthaid agus snáth bróidnéireachta sna fearais bróidnéireachta a dhíolann muide ag Cleas Crafts.

Bíonn pátrúin agus treoracha isteach leo freisin. Tá na pátrúin atá deartha againn bunaithe ar áilleacht nádúrtha an oileáin. 
 
Dhéanfadh an húp críochnaithe maisiúchán deas tí nó bronntanas.

Tá an ceardlann seo fós á leagan amach againn, mar sin seiceáil arís le breis sonraí a fháil.  



Le háirithintí a dhéanamh nó breis eolais a fháil déan teagmháil linn trínár leathanach teagmhála.

D85_7296.jpeg
Embroidery Dry Stone Wall
bottom of page