top of page
An Chrios
Tá na beilteanna ildaite seo ar a dtugtar criosanna á gcaitheamh leis na glúnta ag oileánaigh Inis Oírr. Is timpeall an bhásta a chaitear crios, coinníonn sí an t-éadach deas fáiscthe, tugann tacaíocht don droim agus teas agus compord timpeall an bhásta. Tá an-tóir ar an gcrios sa lá atá inniu ann mar chorda ceangail i searmanais pósta, caitear í mar bheilt freisin ar jíons nó éide scoile, mar strapa ar ghiotáir, boscaí ceoil, bodhráin nó ceamaraí. Déantar an chrios ar sheol láimhe inár Siopa Cleas Crafts, Aonad 1 Áras Éanna. Inis Oírr.
Le crios a ordú glaoigh ar 09975979 nó buail isteach chuig siopa Cleas Crafts (Luan go hAoine 9.15 – 5.15i.n.)
Tá an réimse criosanna ildaite atá againn faoi láthair le feiceáil thíos.
Is féidir iad a cheannach ar líne chomh maith anseo.
Corda ceangail do shearmanas pósta
Bandaí Rosta ildaite
Le caitheamh ar jíons - fir agus mná. Mar thacaíocht droma nó sa mbealach traidisiúnta.
bottom of page