top of page

Siúlóidí Áitiúla

Bíonn siúlóidí faoi threoir áitiúil le fáil uainn ar feadh na bliana. Bíonn rogha ann idir Béarla nó Gaeilge nó meascán den phéire. Cuirtear chuile shiúlóid in oiriúint do na rannpháirtithe. 
 
Roinnfidh muid eolas leat faoin oileán agus a stair nó laochra áitiúla agus daoine a chonaic acmhainneacht an oileáin agus a leag síos bunshraith an mhéid atá le feiceáil san oileán inniu.
 
Beidh deis agat cloistéail faoi chladaí an oileáin agus an fheamainn luachmhar atá ann, faoin iascach atá faraor imithe i léig agus ár mbuailte carstacha aolchloiche a tugadh chun míntíreachais. 

Ní mór áirithint a dhéanamh. Féach ár leathanach teagmhála do na sonraí.

Islander Cathleen
IMG_7646.jpeg
bottom of page