top of page

Ionad Eolais do Chuairteoirí

Tá muid fíorshásta gur roghnaigh Fáilte Éireann (Bord Turasóireachta na hÉireann) muid le bheith inár nIonad Eolais do Chuairteoirí ar oileán Inis Oírr. Tá an tIonad Eolais lonnaithe inár siopa Cleas Crafts a bhíonn oscailte ar feadh na bliana ón 9.15r.n.-5.15i.n. Luan go hAoine. Tá muid sách eolasach faoinár n-oileáinín, Inis Oírr /Inis Thiar/Inis Oirthear anseo i gCuan na Gaillimhe ar Bhealach an Atlantaigh Fhiáin agus is breá linn a bheith ag babhtáil scéalta agus ag éisteacht le cinn ó i bhfad ó bhaile agus ag treorú cuairteoirí cibé cá mbíonn a n-aghaidh.  
 
Aon cheo nach mbíonn a fhios againn dár gcuairteoirí féachaidh muid le é fháil amach dóibh. 

bottom of page